Let's work together

25 Bliain ag fás D’Arcy Marketing & PR

25 Bliain de D’Arcy Marketing & PR –  an 2 Eanáir 2023 – Athbhliain faoi mhaise duit!  

Tá muid réidh le filleadh ar ais ar an obair tar éis sos an Nollaig agus táim ag breathnú siar ar 25 bliain de D’Arcy Marketing & PR agus muid ag comóradh 25 bliain ag fás……………

 

Thit mé ar shlí bheatha i margaíocht turasólireachta i mí Márta 1991, tar éis 3 bliain glórmhara de shaol an mhic léinn i Leitir Ceanainn RTC anois ATU Leitir Ceanainn. Ag tosnú amach, ní raibh mórán deiseanna, más ann dóibh, sa Mhargaíocht i nGaillimh go háirithe gan céim. Chonaic cara scoile fógra poist dátheangach sa Connacht Tribune le haghaidh Oifigeach Margaíochta le Cósta Chonamara Teo agus chuir mé iarratas isteach. Bhí taithí ag teastáil ach bhí cumas na Gaeilge ag teastáil freisin toisc go raibh an post lonnaithe sa Spidéal ag forbairt turasóireachta i nGaeltacht Chonamara Theas. Is i nGaeilge a bhí an t-aon onóir Ardteiste a bhí agam, agus mar sin chuir mé isteach “as Gaeilge” agus bhí an t—ádh orm an post a fháil, an Tús a bhí de dhíth orm a fháil.

Ba é seo tús mo ghaol le turasóireacht agus fáilteachas ach thar aon rud eile an Ghaeilge agus as sin amach tá an Ghaeilge lárnach domsa mar dhuine agus do D’Arcy Marketing & PR mar Ghníomhaireacht dhátheangach PR, Cumarsáide agus Margaíochta.

 

Tionchair agus tacaí luatha a fhanann dílis inniu

Dónal Standún ó Standún Teo, bhí sé ina  chathaoirleach ar Chósta Chonamara agus ina mheantóir an-tábhachtach do magus mé ag tosnú amach i mo ghairm bheatha. Threoraigh sé mé le cruinneas straitéiseach ar feadh gar do 4 bliana agus bhí sé thar a bheith flaithiúil lena chomhairle agus lena chuid ama. Ba é a spreag mo chinneadh a bheith féinfhostaithe freisin, rud a thug an fhís agus an misneach dom an chéim chróga a ghlacadh chun an fhostaíocht lánaimseartha a fhágáil i mí Lúnasa 1997.

Ag an bpointe seo bhí 4 bliana iontacha caite agam mar Bhainisteoir Díolacháin agus Margaíochta le Sinnott Hotels. Is leis an óstánaí agus an fear gnó clúiteach Charles Sinnott a bhí ina mhargaitheoir den scoth. Chuir muid ama in éineacht leis go mór chun tosaigh mé i dtionscal na n-óstán agus na turasóireachta. D’oibríomar go léir go dian ansin ach b’ionann an fhoghaim agus Máistreacht sa Mhargaíocht, go háirithe ealaín na cruthaitheachta i margaíocht agus díolacháin. Tréimhse an-spreagúil domsa a tháinig chun chinn nuair a osclaíodh Brooks Hotel i mBaile Átha Cliath. Bhí na príomhtheagmhálaithe agamsa ag an am sin i dtionscal na turasóireachta idirnáisiúnta agus intíre ach thar aon rud eile bhí an taithí agus an tiomáint chun dul i mbun gnó neamhspleách agus thug mé faoi sheirbhísi Margaíochta agus Díolacháin a sholáthar do ghnóthaí turasóireachta séasúracha agus fáilteachais i nGaillimh agus i gConamara. D’fhás sé seo níos déánaí go náisiúnta.

 

2 Eanáir 1998 – an Tús

Ó thus beag bhunaigh mé D’Arcy Marketing a dhéanfaí ina dhiaidh sin mar D’Arcy Marketing & PR agus mé ag éagsúlú isteach mar Ghníomhaireacht réitigh iomlán dhátheangach PR, Cumarsáide agus Margaíochta. Ar an ádh a bheith ina chliaint inspioráideacha le 25 bliain anois, táim thar a bheith bródiúl agus buíoch go bhfuil go leor de na cliaint luatha seo fós dílis dúinn inniu.

Is mór an tacaíocht a thug mo theaghlach le 25 bliain anuas freisin. I dtús báire thug mo mháthair a hárasán ar iasacht dom i gCaladh na Muc ar chladach Loch Coirib i gConamara le dul i mbun oibre sa chéád trí mhí. Gahbaim buíochas ó chroí freisin le mo dheirfiúr, Cathriona agus le m’athair nach maireann, Willie atá anois a threorú ó thuas.

Thar na blianta bhí an t-ádh orm Feidhmeannaigh Caidreamh Póiblí agus Margaíochta den scoth a fhostú a d’fhás an gnó as a dtacaíocht dhílís agus a bhfuil go leor foghlamtha agam uathu freisin. Gabhaim buíochas le gach duine acu as a ndílseacht, a dtacaíocht agus a gcairdeas. Gabhaim buíochas freisin le mo chairde agus mo chomghleacaithe a chuir tacaíocht ar fáil a raibh géárghá léi agus a chuir fáilte roimh an tacaíocht.

Gaeilge

Tá an Gaeilge, ár teanga álainn dúchas, i gcroílár D’Arcy Marketing & PR gach lá. Tá cuimhniú maithe agam ar Ghradam Seosamh Uí Ógartaigh, Ghaillimh Le Gaeilge a bhuachan i mblianta tosaigh ár ngnó. Bunaithe i gCathair na Gaillimhe, cathair dhátheangach, ar thairseach Chonamara, tá sé nádúrtha dúinn ár seirbhísí lárnach a sholáthar i nGaeilge. Is cúis mhór bróid dúinn ár gcumas freastal a chliaint atá dírithe ar an nGaeltacht agus ar an nGaeilige.

Sa 25ú bliain seo againne, táim ag súil le láithriú cameo ar Ros na Rún a bhfuil grá mór againn dó nó ar dháta le intern TG4…..!!!!

 

Turasóireacht agus Fáilteachas

Tá an paisean a spreag mo ghairm bheatha san earnáil turasóireachta agus fáilteachais fós ina phríomhspreagadh inniu. Tá D’Arcy Marketing & PR i gconaí buíoch as tacaíocht leanúnach dhílis ár gcliaint san earnáil seo óstáin, nithe is díol spéise do thurasóirí, eispéiris cuairteoirí agus imeachtaí. Spreagaann ceannairí tiomanta an tionscail agus foirne athléimneacha agus gairmiúla ar fud na margaíochta, PR agus bainistíochta sin i gconaí. Is paisean dúchasach é a thugann an-sásamh agus taimid ag tnúth le feachtais níos nuálaí a chruthú lenár gcomhpháirtithe turasóireachta in 2023.

Meáin na Gaillimhe

 

Tá tacaíocht den scoth i gconaí ag Meáin na Gaillimh dár gcliaint agus táimid thar a bheith buíoch as sin. Sna blianta tosaigh é a chraoladh Galway Bay FM agus cló, Galway Advertiser, Connacht & City Tribune, Tuam Herald, Galway Now. Inniu, cuirimid na hardáin dhigiteacha This is Galway agus Galway Daily lenár n-aschur. Míle buíochas daoibh go léir.

 

Meáin Réigiúnda

 

Le 25 bliain anuas, tá fás seasta tagtha ar ár mbonn client ar fud na hÉireann agus thug na meáin réigiúnda an-tacaíocht dúinn i gconaí agus mudi ag seachadadh nuacht ár gcliant atá bunaithe go réigiúnach agus gabhaimid buíochas leo as a dtacaíocht leanúnach.

 

Meáin Gaeilge

Ó TG4, go Raidio na Gaeltachta, RTE – Gaeilge, Tuairisc, Raidio Rí Rá, Raidio na Life, buíochas ó chroí as ucht an tacaíocht agus  caidreamh ar fad.

 

Meáin Náisiúnta

Gabhaimid buíochas ó chroí lenár gcomhghleacaithe sna meáin náisiúnta ar fud Craoladh, Clíó agus Digiteach, as do thacaíocht agus as taisteal chun bualadh linn san Iarthair agus ar fud na tíre le haghaidh imeachtaí spraíúla preasa.

 

Tá go leor cairde iontacha dílse déanta againn sna meáin le 25 bliain anuas agsu táimid ag tnúth le tuilleadh cairdeas a chruthú sa bhliain amach romhainn.

 

25ú Breithlá – 2 Eanáir 2023

Agus muid ag tosú ar bhliain nua, agus ar ár 25ú bliain, táimid ag tnúth le bheith ag obair lenár gcliaint, ár gcomhghleacaithe agus ár gcairde ar fud na hearnála turasóireachta, fáilteachasi, bia agus imeachtaí mar aon lenár gcliaint dílis Gaeilge, teilifísa dhéanann gach duine acu gach lá spreagúil augs suimiúil.

Dár gcomhghleacaithe ar fud gach earnála de na meáin, anseo i nGaillimh, i mBaile Átha Cliath, ar fud na tíre agus sna Meáin Ghaeilge táimid ag tnúth le deá scéala agus turais agus imeachtaí spraíúla preasa a thabhairt chugat san 25ú bliain againn.

Le chéile táimid ag tnúth le bheith ag obair libh go léir chun feachtais a thógáil, imeachtaí nuálaíocha preasa agus clúdach maith a chruthú sna meáin.

Beidh muid ag ceiliúradh ár 25ú bliain breithlá cloch mhíle agus táimid ag tnúth le scéala a roinnt le gach duine nuair a shocróidh muid ar fad ar an mbliain nua seo 2023 mar sin bígí ag faire amach.

Guímid sláinte, sonas agus bliain rathúil oraibh go léir i 2023 agus arís eile buíochas sa bhúr dtacaíocht agus bhúr ndílseacht le 25 bliain anuas.

 

Noreen D’Arcy,

D’Arcy Marketing & PR.