Let's work together

Gaeilge

Tá an Ghaeilge lárnach in D’Arcy Marketing & PR óir is cainteoirí líofa Gaeilge iad Noreen agus an fhoireann ar fad. Is Gníomhaireacht Mhargaíochta, Chumarsáide agus Chaidrimh Phoiblí é D’Arcy Marketing & PR, a chuireann réitigh iomlána ar fáil agus a fheidhmíonn go dátheangach. Léirítear a dtiomantas don Ghaeilge sa tseirbhís den scoth a chuireann siad ar fáil mar aon leis na torthaí a bhaineann siad amach i measc cliant de bhunús na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Ó Ros na Rún, an tsraith dhrámaíochta ar TG4 atá anois sa 25ú séasúr, go hÚdarás na Gaeltachta, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Eagraíocht Turasóireacht Aran Chonamara,  Comhlachtaí san Earnáil Phoiblí, lena n-áirítear Fáilte Ireland, Bord Iascaigh Mhara, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe, is féidir le D’Arcy Marketing & PR gach gné d’fheachtais a sheachadadh, lena n-áirítear comhairleacht, meantóireacht agus oiliúint trí mheán na Gaeilge.

Iar-bhuaiteoirí de Ghradam Sheosamh Uí Ógartaigh, le blianta fada bhí Noreen D’Arcy mar bhall de phainéil mholtóireachta na gCatagóirí Gaeilge de Ghradaim Spider um Mhargaíocht Dhigiteach agus de Ghradaim ríomh-Rialtais na hÉireann, agus is minic í a bheith páirteach i gcláir chúrsaí reatha agus nuacht TG4, RTE Nuacht agus ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.